Gaeilge - IORBALL SIONNAIGH

Go to content

Main menu:

Fáilte
 

FÁILTE

Mar phríomhoide S.N. Iorball Sionnaigh, An Bhoth, Muineachán, is cúis mhór ríméid domsa fáilte a fhearadh romhaibh go léir go dtí an láithreán gréasáin seo.
Is scoil mheasctha tuaithe í, S.N. Iorball Sionnaigh, atá suite ar imeall Na Boithe, bordaithe ar ocht gciliméadar thuaidh ó Bhaile Mhuineacháin.
Tógadh scoil ar an suíomh seo don chéad uair i 1932 agus roimhe sin bhí an scoil suite ar shuíomh Halla Naoimh Mhuire in aice an tseípéil.
I lár na seascaidí rinneadh athchóiriú fairsing ar an scoil agus i 1997/98 tógadh scoil nua anseo.
Osclaíodh í go h-oifigiúil ar 18ú Meitheamh 1999 ag Bríd Uí Mhuircheartaigh, (Nic Ghormaile), iar-oide na scoile.
Tá súil agam go bhfaighidh gach duine, go h-áiríthe daltaí, tuistí agus iardhaltaí na scoile, an láithreán seo spéisiúil agus eolasach agus go mbainfidh sibh go léir sult is tairbhe as.
Faoi dheireadh, bhí roinnt daoine páirteach sa saothar arb é an láithreán seo a toradh agus gabhaim buíochas ó chroí leo as a gcomhairle, a ndíograis, a dtacaíocht, a gcomhoibriú agus as an am is an obair a chaith said go fial le tionscnámh an láithreáin seo.
Adh mór oraibh go léir ag brabhsáil.


 
 
 
Back to content | Back to main menu