Buaiteoirí na Féile Scoildrámaíochta
Comhghairdeas mór lenár n-aisteoirí a ghlac páirt sa chraobh uile Éire do Fhéile Drámaíochta na hEireann ar an gCéadaoin seo chaite, i Muileann gCearr, Co. na hIarmhí.
Tá sé ina thraidisiún sa scoil páirt a ghlacadh sa chomórtas Féile Scoildrámaíochta, comórtas drámaíochta uile-Éireann.
D’oibrigh na páistí go dian le mí anuas ag foghlaim a gcuid línte agus d'éirigh go hiontach leo.
Bhuaigh siad Comórtas 3 le 'An Táin Bó Cuailgne'. Táimid go léir an-bhródúil astu! Comhghairdeas le Bean Uí Bheig agus Rang a Sé as an éacht mór seo a dhéanamh!