Seachtain na Gaeilge Márta 2019
Is í Seachtain na Gaeilge an fhéile Ghaeilge is mó ar Eireann agus ar fud an domhain. Tarlaíonn sé i Mí Márta gach bliain. I rith na seachtaine speisialta seo inár scoil tháinig na ranganna ó na Naíonáin go rang a dó le chéile chun amhránaíocht agus drámaíocht a dhéanamh agus chun dánta a rá le chéile. Chuir rang na Naíonáin an dráma 'Sicín Licín' ar siúl agus bhí dráma dar teideal 'An Tornapa Mór' curtha i láthair ag rang a do. Bhain gach duine taitneamh as na heachtraí go léir.