![o_1h3cv3njp1jpjssnu8sav91sm9g.jpg](http://urbleshannyns.com/su_media/images/o_1h3cv3njp1jpjssnu8sav91sm9g.jpg)
Gaelbhratach 2023
Bronnadh stádas an Ghaelbhrataigh ar Iorball Sionnaigh mar aitheantas ar an sárobair atá déanta againn an Ghaeilge a chur chun cinn agus a úsáid sa scoil.
Bhailigh pobal na scoile le chéile sa halla inniu chun cúpla amhrán a chanadh. Bhaineamar go léir sult as. Comhghairdeas le daltaí na scoile agus Bn. Mhic Láimh as ucht a hobair leis an gcoiste.